Loading...

Leabhardhamhsa | Dán (Poem in Irish) | Ciara Ní É

826 views

Loading...

Loading...

Transcript

The interactive transcript could not be loaded.

Loading...

Rating is available when the video has been rented.
This feature is not available right now. Please try again later.
Published on Jul 24, 2019

Scríofa agus curtha i láthair ag Ciara Ní É. Téacs an dáin thíos. Agus fotheidil ar fáil!
(Written and performed by: Ciara Ní É @miseciara. Text of poem below, or press the button for subtitles!)

★     ★   Naisc (links)★     ★




Facebook: https://www.fb.com/miseciara
Twitter: https://www.twitter.com/miseciara
Blog: https://miseciara.wordpress.com/
Facebook: https://www.fb.com/reic.eire
Twitter: https://www.twitter.com/reic

►seinnliosta de mo chuid filíochta anseo (playlist of my poems here): https://www.youtube.com/playlist?list...

Téacs an dáin (text of the poem):
´ ´ ´ ´ ´ ´ ´ ´ ´ ´ ´  Leabhardhamhsa ´ ´ ´ ´ ´ ´ ´ ´ ´ ´ ´ ´
le Ciara Ní É

Tugadh leabhar Gaeilge dom ar mo bhreithlá
an chéad chló, naoi déag nócha haon
ar chomhaois liomsa a bhí sé

Lá báistí ina dhiaidh sin d’oscail mé é

Fuair mé boladh tais uaidh, a mhúscail ionam
Lúnasa in Éirinn

Chonaic corr-mharc sna himill, coirnéil lúbtha siar
ag léitheoir neamhchúramach mo dhála féin

D’aimsigh ar an leathanach tosaigh
ainm is seoladh an té a mba leis mo bhronntanas romhamsa

Bhí mé fiosrach fút, a chara Ghaeil nua

Cheadaigh mé Google uilefheasach
a leag creatlach do shaoil amach
clann - post - teach - tinneas - bás
saighdiúir - snámhaí
sonraí síoraí
fíricí fíorphearsanta ag stealladh as an ríomhaire

B’éigean dom stopadh

Baint níl agam leat seachas seo
tá leabhar a tháinig i do sheilbh is mé sa chliabhán
ar mo sheilf anois is tú i gcónra faoin gcré

Sin ár leabhardhamhsa báis is beatha

Bhreac mé m’ainm taobh le do cheannsa
Ar ár leabhar táimid anois inár n-ainmchomharsana

Loading...

When autoplay is enabled, a suggested video will automatically play next.

Up next


to add this to Watch Later

Add to

Loading playlists...