Príobháideachas
Príobháideachas
Ag YouTube agus Google, tuigimid go bhfuil daoine ag cur muinín ionainn maidir lena bhfaisnéis nuair a úsáideann siad ár seirbhísí.
Príobháideachas
Ag YouTube agus Google, tuigimid go bhfuil daoine ag cur muinín ionainn maidir lena bhfaisnéis nuair a úsáideann siad ár seirbhísí.
Cloímid le prionsabail phríobháideachais Google, rud a chiallaíonn go bhforbraímid táirgí atá príobháideach d'aon ghnó agus go bhfuilimid machnamhach maidir leis na sonraí a úsáidimid, an chaoi a n-úsáidimid iad agus an chaoi a gcosnaímid iad. Maidir le haon sonraí a bhailímid chun ár seirbhísí a shaincheapadh d'úsáideoirí, lena n-áirítear moltaí oiriúnaithe, torthaí cuardaigh a chabhraíonn leo teacht níos éasca ar chruthaitheoirí a thaitníonn go mór leo, ábhar a chomhlíonann a riachtanais agus fógraí ábhartha a dháileadh, rialaíonn úsáideoir iad sin ar fad laistigh dá s(h)ocruithe príobháideachais féin.
Ligeann sé sin d'úsáideoirí a roghnú cad is ceart dóibh féin, ionas go bhfuil siadsan i gceannas ar an bhfaisnéis phearsanta a chomhroinntear le Google – lena n-áirítear a sonraí a athbhreithniú, iad a íoslódáil agus a bhogadh chuig seirbhís eile nó iad a scriosadh go hiomlán nuair a theastaíonn sin uathu. Coinníonn polasaithe príobháideachais Google úsáideoirí ar an eolas maidir le cé na sonraí a bhailímid, cén chaoi a n-úsáidtear iad agus cén fáth. Agus ní dhíolaimid faisnéis phearsanta úsáideora le haon duine.
Tá ár n-uirlisí príobháideachais éasca le húsáid agus cuireann siad ar chumas ár n-úsáideoirí rogha a dhéanamh maidir leis an eispéireas a oibríonn dóibhsean.