Ár bPolasaithe

Is é an misean atá ag YouTube ná guth a thabhairt do gach aon duine agus an domhan a thaispeáint dóibh – agus tá an oscailteacht agus saoirse chun tuairimí a nochtadh i gcroílár an mhisin sin. Is áit é ár n-ardán ina spreagtar réimse leathan dearcthaí agus ní dhruidimid siar ó easaontas ná díospóireacht.

An chaoi a n-oibríonn Treoirlínte Pobail agus Treoirlínte atá Oiriúnach d'Fhógróirí

Cabhraíonn ár bpolasaithe linn chun gnólacht freagrach a bheith againn ar féidir le breathnóirí, cruthaitheoirí agus fógróirí brath air chun leanúint de bheith rathúil ar YouTube.

Mar is dual do chóras ar bith, déanaimid botúin uaireanta. Sin an fáth gur cuid thábhachtach iad achomhairc dár bpróisis. Cuirtear in iúl do chruthaitheoirí nuair a bhaintear a bhfíseáin mar gheall ar sháruithe polasaí nó nuair is féidir go gcuirfear iad ar fionraí ó YPP, agus is féidir leo achomharc a iarraidh má easaontaíonn siad lenár gcinneadh.

Lenár dTreoirlínte Pobail agus lenár dTreoirlínte Ábhair atá Oiriúnach d'Fhógróirí is féidir linn an chothromaíocht sin a bhaint amach.

Treoirlínte Pobail

Cuirtear bratach le hábhar ina sáraítear ár dtreoirlínte pobail trí mheascán de bhrath uathoibrithe agus tuairisciú daonna – braitear an chuid is mó go huathoibríoch – agus déanaimid ár seacht ndícheall chun a chinntiú nach bhféachtar ar ábhar sáraitheach go forleathan, nó ar chor ar bith, sula mbaintear anuas é.

Is féidir eisceachtaí a dhéanamh nuair atá comhthéacs oideachasúil, faisnéiseach, eolaíoch nó ealaíonta (EDSA) soiléir ag an ábhar, lena n-áirítear ábhar atá ar mhaithe le leas an phobail.


Treoirlínte maidir le hÁbhar atá Oiriúnach d'Fhógróirí

Braitheann brandaí orainn chun sainleas a ngnólachtaí a chosaint nuair a dhéanann siad fógraíocht ar YouTube.

Chuige sin, tá tacar de threoirlínte atá Oiriúnach d'Fhógróirí againn nach mór do chruthaitheoirí i gClár Comhpháirtíochta YouTube (YPP) a leanúint ionas go ndáilfear fógraí ar ábhar a gcainéil agus chun sciar den ioncam a thuilleamh.


An chaoi a dtacaímid le cruthaitheoirí

Ó 2007, tá cruthaitheoirí incháilithe á n-íoc againn gach aon mhí trínár samhail maidir le sciar den ioncam, Clár Comhpháirtíochta YouTube.

Ionas go mbeidh cruthaitheoir incháilithe do YPP, ní mór dó/di caighdeán níos airde a bhaint amach maidir leis an méid a chomhroinneann sé/sí ar YouTube. Ní mór do chruthaitheoirí polasaithe brabúis YouTube a leanúint agus athbhreithnímid cainéal gach iarratasóra sula ligtear isteach é/í chuig YPP. Bainimid an luach airgid d'fhíseáin a sháraíonn ár dTreoirlínte maidir le hOiriúnacht d'Fhógróirí chomh maith agus cuirimid cruthaitheoirí ar fionraí i gcás coireanna athuaire. Mar gheall ar an tsamhail sin, bíonn dreasacht fhadtéarmach ag cruthaitheoirí sábháilteacht YouTube a neartú agus ár bpolasaithe a leanúint.

An chaoi a dtacaímid le cruthaitheoirí
Cuirimid réimse uirlisí ar fáil do chruthaitheoirí chomh maith chun a n-ábhar agus a bpobail a bhainistiú:
Eispéiris a Bhainistiú

Cabhraíonn Treoirlínte Cainéil le cruthaitheoirí chun na cineálacha comhráite a theastaíonn uathu a bheith ar a gcainéal a shocrú.

Is féidir le cruthaitheoirí nótaí tráchta a d'fhéadfadh a bheith mí-oiriúnach a choinneáil chun go ndéanfar athbhreithniú orthu, daoine áirithe a chur i bhfolach, bac a chur ar fhocail, pribhléidí modhnóireachta a shannadh agus tuilleadh.


An chaoi chun treoirlínte cainéil a shocrú
Cainéil a Bhainistiú

Tugaimid réimse táirgí do chruthaitheoirí a chabhraíonn leo cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcaoi chun a gcainéil a bhainistiú.


An chaoi chun postálacha agus nótaí tráchta a bhainistiú
Acmhainní Príobháideachais agus Sábháilteachta

Tá príobháideachas agus sábháilteacht ár gcruthaitheoirí tábhachtach dúinn agus cuirimid réimse uirlisí agus acmhainní ar fáil chun tacú leo.


An chaoi chun uirlisí príobháideachais agus sábháilteachta a úsáid

An Chaoi a dTéann YouTube i gComhpháirtíocht le Saineolaithe Tionscail chun Dul i nGleic le Mí-úsáid

Ní cheadaítear ar YouTube ábhar a bhfuil sé i gceist aige eagraíochtaí foréigneacha antoisceacha nó coiriúla a mholadh, a chur chun cinn nó cabhrú leo. Braithimid ar a lán fachtóirí – amhail ainmniúcháin rialtais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta áirithe – chun cinneadh a dhéanamh maidir le cad atá i gceist le heagraíochtaí coiriúla nó sceimhlitheoireachta.

Chomh maith leis sin, táimid ar bhall de bhunaitheoirí an Global Internet Forum to Counter Terrorism (GIFCT), mar a n-oibrímid le cuideachtaí teicneolaíochta eile chun ábhar sceimhlitheoireachta a choinneáil amach ón nGréasán – agus cuirimid oiliúint agus acmhainní eile ar fáil do chuideachtaí níos lú a bhfuil dúshláin chomhchosúla rompu.

Féach thart ar thuilleadh

Uirlisí nua chun cruthaitheoirí agus ealaíontóirí a chosaint
An chaoi a bhfuilimid ag cabhrú le cruthaitheoirí ábhar athraithe nó sintéiseach a nochtadh
Bealaí nua a thástáil chun tuilleadh comhthéacs agus faisnéise a thabhairt do bhreathnóirí maidir le físeáin