The Irish Gaelic version of the classic song 'The Lakes of Ponchartrain', translated by the late Francie Mooney.
Francie Mooney or Proinsias Ó Maonaigh in Gaelic was a famed musician from Gweedore, Donegal, Ireland and was well-known for his ability to compose songs and to translate songs in English to Irish. He was the father of Altan singer Mairéad Ní Mhaonaigh, however, he passed away in April 2005. Ar dheis Dé go raibh a anam.
LYRICS:
Ar mhaidin gheal sa Mhárta d'fhág mé slán le New Orleans
Is thug mé aghaidh ar Jackson Town, ar lorg stóir agus maoin'.
Mo ghráin ar airgead iasachtach, ní raibh cairde agam le fáil.
Sin a bhris mo chroí le crá is le cumhaidh ar bhruach Loch Pontchartrain.
Thug mé léim ar thraein le héirí gréin' agus thriall mé rith an lae.
'S ag deireadh neoin le tuirse is brón ba mhian liom dhul faoi shuan.
Níor chairde domh na strainséirí gur tharla fá mo dhéin.
An ainnir chrón de threibh creole ar bhruach Loch Pontchartrain.
Ar mé "A chailín creole, tá mo phócaí lom, faraor.
Ach ab é na halligators, do luífinn síos faoin spéir."
"Tá fáilte romhat go dtí mo theach, cé gur simplí é i réim.
Ach níor diúltadh riamh don strainséir ann ar bhruach Loch Pontchartrain."
Thug sí go teach a máthara mé is rann sí liom go fial,
'S a folt dubh cas ina ndlaoithe deas' thar a guaillí a chroch aniar.
Ar a maise is scéimh níl scríobh ná léamh, ar a háilleacht is ar a gnaoi.
Is í an ainnir chaomh a mheall mo chroí ar bhruach Loch Pontchartrain.
Dhiúltaigh sí mé a phósadh ach d'inis sí domh go fíor
Go raibh a grá ar bharr na dtonn i bhfad i gcéin ón tír.
Dúirt sí go mbeadh sí dílis dó is go bhfanfadh sí leis féin
Go bpillfeadh sé chuig a ghrá creole ar bhruach Loch Pontchartrain.
Céad slán le brón, a chailín chróin, anois 'tá ag imeacht uaim.
Ach beidh cuimhne ar do chineáltas ag teach beag chois an chuain.
'Measc cairde cléibh ag spraoi nó scléip go líonfad gloine lán
Le sláinte a ól d'ainnir creole ar bhruach Loch Pontchartrain.
Is Francie the old fella in the front row?
WhereIsTheLine1 1 week ago in playlist specials
love it-my grandpa murphy would have been proud!bless you for posting this & bless paul brady
rainharper62 4 months ago
God bless you!!!
lighthousehi 10 months ago
iontach mhaith!!!
caoimhghin09 1 year ago
ah sure fuck
uirish2 2 years ago
irish!
Adamgelston 2 years ago
Is that Japanenes ?
boscoesarmy 2 years ago
Ta mise ag can an amhrain seo le haighadh an comartas Scleip :)
AislinnONeill 2 years ago
Go Hiontach ar fad . Gracias muy bien -----pat
patcloonan1931 2 years ago
maith thu a paul brady
jonker236 2 years ago