Is a Neainsín Bhán cé's ansa leat fear eile ná mé fhéin
Is a Neainsín a dtug mé taitneamh dhuit i dtosach ar mhná an tsaoil
Óra shíl mé go mba bhreáichte thú ná bean ar bith fón saol
Ach smid chainte ná raibh i gceann an té nach molfadh leatsa mé.
Is an chéad lá d'Earrach tóigfidh mé talamh is beidh áras agam fhéin
'Gus séard a dúirt mo mhuintir liom nach bhfuil aon mhaith i mo scéal
Óra níl ach togha ar ógmhná an domhain is beidh mo roghain díobh agam féin
Ní as a cuid ná a maoin a molfar í ach as a cáilíocht agus a dea-méin.
Is a' tigheacht don Nollaig nach dona í m'obair a bheith 'síorchur insa gcré
Mar a bheadh seabhacán ar bharr sceiche nó ar bharr glas na sú craobh
Ach mo mhallacht go deo anois a thabharfainnse d'aon fhear beo fón saol
a thóigfeadh orm a bheith cogarnach le stóirín geal mo chléibh.
Is dá mbeadh tosaí ar mo bhróga a'm 'gus cóir mhaith 'bheith ar na boinn
Nach ngabhfainnse 'chuile Dhomhnach san áit a mbíonn an spraoi
Mar ní thóigfeadh an t-aos óg orm gach cor dá gcuirfinn díom
Is dá mbeadh mo stór ar cheann an stóil níorbh fhada liomsa an oíche.
'S má théann 'un an aonaigh beir an chaora leat is a huan
Má théann tú a' déanamh tíobhais bíodh do mhian agat ar dtús
Óra bíodh sí maorga macánta is í molta as a cliú
Ní barr maoine a thabharfas 'un tíobhais thú is ná mealltar le straoill thú.
Is a théagairín ní féidir dhuit gan duine eicínteacht fháil
a nífeas do chuid éadaigh dhuit agus 'fhuinfeas do chuid aráin
Ach a phéarla 'tá breá gléigeal de chích, de chois is de láimh
'Sé mo léan gan mé faoi shléibhte leat is cead éada ag feara Fáil.
Craolfar clár na seachtaine seo as Teach Tábhairne Bofey Quinn's i gCora Finne i gCo. an Chláir a bheidh á chur i láthair ag Garry Shannon duine de bhaill an Banna Ceoil Céilí Kilfenora agus cloisfear ceol ó mhuintir Shannon.
Garry Shannon, Sharon Shannon and family, and Kilfenora Céilí band.
Geantraí - 6-2-10 239310
Pure magic ♪♫ ♥
sentimentaloldme 4 months ago
Cad guth go bhfuil aici! :)
GaeilgeSpraoi 1 year ago
Great version, prefer Joe Heaneys but this is a close second! Maith thú
MayoSham 1 year ago
andheas!
LamhDearg 1 year ago