Dá mbeinn féin in Airdí Cuan In aice an tsléibhe úd ‘tá i bhfad uaim B’annamh liom gan dul ar cuairt Go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh Agus och, och Éire ‘lig is ó Éire lonndubh agus ó ‘s é mo chroí ‘tá trom agus brónach Is iomaí Nollaig ‘bhí mé féín I mbun abhann Doinne is mé gan chéill Ag iomáin ar an trá bhán Is mo chamán bán i mo dhorn liom Nach tuirseach mise anseo liom féin Nach nairím guth coiligh, londubh nó traon Gealbhán, smaolach, naoscach féin Is chan aithním féin an Domhnach
lorcanmacmathuna 1 year ago