Lyrics:
Fuígfidh mise an baile seo mar tá sé dúghránna
'S rachaidh mé go Connachta nó siar go Laighean Uí Eára
An áit a bhfaighidh mé póg ó mo stór is míle fáilte
Seal(a)bhán deas bó is cead mo phósadh ar a' táiliúir.
A Mhuire nach mé an trua(ighe) 's mé póst ar a' sclábhaí
Nach ligeann amach 'un Aifrinn mé lá saoire nó Dé Domhnaigh
Nach dtéann go tigh a' leanna 's nach n-ólfadh gine óir liom
'S nach dteannfadh lena chroí mé mar dheanfadh buachaill og/ mé.
Pósadh go hóg mé mar gheall ar na puntaí
Lán mo dhá laimh is níor shásaigh sé 'riamh m'intinn
Nach trua nach dtig an reacht amach mar 'tá ar bha 's ar chaoirigh
An té nach dtaitneodh an margadh leis a sheoladh ar ais 'un aonaigh.
Fuígfidh mise an baile seo mar tá sé dúghránna
'S rachaidh mé go Connachta nó siar go Laighean Uí Eára
An áit a bhfaighidh mé póg ó mo stór is míle fáilte
Seal(a)bhán deas bó is cead mo phósadh ar a' táiliúir.
Link to this comment:
All Comments (0)