Roisin Chambers - Sadhbh Ní Bhruinnealla (Bhruineallaigh) - Geantraí - 25-11-07 as an teach tábhairne Cobblestone i Smithfield, BAC, á chur i láthair ag an bpíobaire Nellidh Mulligan www.tg4.ie 151656
http://www.grafxsource.com/MCS/Sampla_1.html
A boatman falls for Sadhbh (Ní Mhuinghile) from Inis Gé, off the Mayo coast, and attempts to entice her to marry him.
Ní iarrfainn de spré le Sadhbh Ní Bhruinnealla
ach Baile Inis Gé is cead éalú ar choinníní.
Curfá
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla,
A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.
Fear maith i mbád mé togha fear iomraimh
Fear sluaisid' is láí ar dhá cheann an iomaire.
Máistir báid mhóir mé a' gabháil ród na Gaillimhe
D'fhliuchfainn naoi bhfód is ní thóigfinn aon fharraige.
Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfad,
Nuair a fhaigheann siad an chóir 'sé is dóichí nach bhfanann siad.
Mhionnóinn naoi n-uaire ar leabhar mór an Bhairéadaigh
Nach scarfainn go deo le Sadhbh Ní Bhruinnealla.
Níl falach i gcabhail ar Shadhbh Ní Bhruinnealla,
Ach seanchóitín donn gan cabhail gan muinchille.
Nuair a théimse 'un an chomhra ag comhaireamh an airgid
Bíonn an iníon is an bhean is iad caillte le gean orm.
Nuair a thiocfas lá breá 'gus an ghaoth ón bhfarraige
Tabharfaidh mé Sadhbh liom go céibh na Gaillimhe.
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla,
A chuisle is a stóirín, ba rí-mhaith dhuit mise agat!
I would ask no dowry for Sadhbh Ní Bhruinnealla, but the village of Inis Gé and a permit to steal up on rabbits.
Óra, Sadhbh, Sadhbh Ní Bhruinnealla, My heart's beloved, elope and leave with me.
I'm a good boatman, a fine oarsman, skillful with shovel or loy on either end of the ridge.
I'm the master of a large sail boat (hooker) on the way to Galway, I'd wet nine sods of turf but would not take any water in.
The master of a hooker I'd never accept, when the wind is favourable they are not inclined to stay.
I'd swear nine times on Barrett's book that I'd never part with Sadhbh Ní Bhruinnealla.
Sadhbh is not wearing a stitch on her body, except an old brown coat without bodice or sleeve.
When I go to the chest to count the money, the daughter and her mother are overcome with fondness for me.
When a fine day comes and the wind is from the sea, I'll take Sadhbh with me to the pier in Galway.
Óra, Sadhbh, Sadhbh Ní Bhruinnealla, my heart's beloved, you would do right well to have me!
Deir Seán Ó Cathasaigh gur ráiméis a thugtaí ar an gcineál seo filíochta thiar in Iorras Aintheach - filíocht nó scéal gan mórán éifeachta ach a d'fheil ina a bhealach féin. ("Seanchas Ó Iorrus Aithneach" Béaloideas: 12, 1942) Deir sé gurb é Labhrás an Ghréasai (Labhrás 'ac Con Raoi), a chónaigh seal den tsaol ar Cheann Mása, a chum é. Tá leagan eile de agus malairt údair tugtha in Amhráin Ghaeilge an Iarthair (Ó Tiománaidhe:1906).
Iosa Chriosd indeed! Were all Gaels regardless if your from Eire or Alba or other places in the world where we are found... let's not be offended by peoples' ignorance of our culture and language (I consider Gaidhlig and Gaeilge the same langauge with many diaects). Let's learn lessons from our past and work together.
mhicnanolc 2 years ago 11
true, in fact amazingly 75% of our vocabularies are the same. I was speaking irish last year in a pub in scotland to a guy who spoke scots gaelic and we had a right laugh slagging eachother. Irish, Scots gaelic and Manx are very very similar whereas Welsh, Bretagne and Cornish are similar. either way we're all celts.
Frankieireland 2 years ago 10